Testimonials

Ar fheabhas ar fad. B’fhiú go mór é. Rinne sibh éacht le daltaí drogallacha.

S. Innseadún, An Scoil Phobail, An Tulach

Bhain na daltaí an-sult as an seó. Cheap siad gur chabhraigh sé go mór leo. Chothaigh sé saghas féinmhuinín iontu Gaeilge a labhairt agus ina theannta sin thuig siad na sraith pictiúir níos fearr. Bhí sé thar a bheith greannmhar dar leo mar cheap siadsan go mbeadh sé leadránach.

Máire Ní Scanláin – Scoil Chuimsitheach Aodáin Naofa, An Mhuinchille, Co an Chábháin

Dúirt na daltaí uilig go raibh an seó tharr barr, greannmhar agus áisiúil. Bhí an ceardlann thar barr. Dúirt roinnt daltaí gur mhaith leo é a dheanamh arís agus bhi siad lán sásta íoc as!!!!!!

Donncha Ó Síocháin – Pobalscoil Heywood, Co Laois

Go hiontach ar fad. Bhain na daltaí an taitneamh as an Seó. Thug an ceardlann deis do no daltaí dul i dtaithí ar na nathanna cainte éagsúla do na sraitheanna. Fair play agus caithfidh sibh teacht thar nais!

Thérése Ní Longáin – Sacred Heart Cloch na Coillte

Bhí an Seó ar fheabhas. Bhain na daltaí an-sult as go deo. Bhí an cur i láthair spreagúil agus cruthaitheach. Ba léir go raibh ullmhúchán maith déanta roimhré. Ba dheas an rud é na daltaí ar fad a fheiceáil agus iad ag glacadh páirte ann. Seó idirghníomhach, greannmhar, taitneamhach, is ea é. Mholfainn do dhuine ar bith é a chuir ar fáil sa scoil.

Eileen Dineen – Scoil Naomh Mhuire,Corcaigh

Bhain na daltaí go léir an-taitneamh as na ceardlanna agus an Seó a rinne Caith Amach É sa scoil. Dhírigh na haisteoirí ar na sraith phictiúir agus chuir siad go mór le muinín na ndaltaí gan dabht ar bith. Spreag siad na daltaí chun comhrá a dhéanamh ar bhealach an-spraoiúíl agus an-nádurtha ar fad agus ar ndóigh d’fhoghlaim na daltaí neart nathanna cainte. Leagadh béim ollmhór ar an gcumarsáid agus thuig na daltaí tábhacht na cumarsáide chun marc maith a fháil sa scrúdú cainte. Tá meon dearfach ag na daltaí anois i leith na béaltrialach. Mholfainn na ceardlanna seo do mhúinteoirí agus do dhaltaí.”

Neasa Ní Chonluain – Scoil Naoimh Mhuire Glas Naíon

Ní fhéadfainn an lá seo a mholadh go leor. Thug sé spreagadh muinín agus misneach do na daltaí agus iad ag ullmhú don scrudú cainte mar aon le sin d’fhoghlaim mé féin mar mhúinteoir go leor módhanna múinteoireachta nua

Darren Breathnach, Colaiste Pobail Castelknock

Buíochas o chroí ó na cailíní i Manor House a bhain sár thaitneamh as an Seó agus ceardlann bunaithe ar na sraith pictiúir. Bhí an Seó thar barr agus chuir sibh ag obair go breá iad sa cheardlann. Beidh muid ag cur fios arís oraibh an bhliain seo chugainn. Go n eírí libh!

Noelle Ui Ghallchoir. Manor House, Dublin

Bhí an Seó ar fheabhas ar fad, Chuireadh and Seó i láthair ar bhealach greannmhar lán d’fhuinneamh agus spraoi. Thaitin sé go mór leis na daltaí, ní raibh siad ag iarraidh filleadh ar na ranganna. Mholfainn d’achan múinteoir Ghaeilge sa tír triail a bhaint as. I bhfocail amháin..iontach.

Caitríona McElwaine, Cólaiste Cholmchile Ballyshannon