Obair.
Caith súil ar na tionscadáil thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar obair na comhlachta
Caith súil ar na tionscadáil thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar obair na comhlachta
“Bhí an Seó ar fheabhas ar fad, Chuireadh an Seó i láthair ar bhealach greannmhar lán d’fhuinneamh agus spraoi. Thaitin sé go mór leis na daltaí, ní raibh siad ag iarraidh filleadh ar na ranganna. Mholfainn d’achan múinteoir Ghaeilge sa tír triail a bhaint as. I bhfocail amháin..iontach.”
Caitríona McElwaine,
Cólaiste Cholmchile, Ballyshannon
“Buíochas mór ó na cailíní sa Mhainéir a bhain taitneamh as an seó agus as an gceardlann bunaithe ar na sraitheanna pictiúr. Bhí an seó thar cionn agus rinne sibh obair iontach leo sa cheardlann. Guímid gach rath oraibh leis agus beimid i dteagmháil an bhliain seo chugainn.”
Noelle Ui Ghallchoir,
Manor House, Dublin
“Ní fhéadfainn an lá seo a mholadh go leor. Thug sé spreagadh muinín agus misneach do na daltaí agus iad ag ullmhú don scrudú cainte mar aon le sin d’fhoghlaim mé féin mar mhúinteoir go leor módhanna múinteoireachta nua”
Darren Breathnach,
Colaiste Pobail Castelknock
“Bhí an Seó ar fheabhas. Bhain na daltaí an-sult as go deo. Bhí an cur i láthair spreagúil agus cruthaitheach. Ba léir go raibh ullmhúchán maith déanta roimhré. Ba dheas an rud é na daltaí ar fad a fheiceáil agus iad ag glacadh páirte ann. Seó idirghníomhach, greannmhar, taitneamhach, is ea é. Mholfainn do dhuine ar bith é a chuir ar fáil sa scoil.”
Eileen Dineen,
Scoil Naomh Mhuire, Corcaigh
“Go hiontach ar fad. Bhain na daltaí an taitneamh as an Seó. Thug an ceardlann deis do no daltaí dul i dtaithí ar na nathanna cainte éagsúla do na sraitheanna. Fair play agus caithfidh sibh teacht ar ais!”
Thérése Ní Longáin,
Sacred Heart Cloch na Coillte