An Fhoireann / About us

A little bit about us...

 

SEAN MCDONAGH 

Is comhbhunaitheoir, aisteoir agus scríbhneoir le High Rock Productions é Seán McDonagh.  Bhain sé céim onórach amach sa Bhéarla agus Siceolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Is duine é a bhfuil taithí aige ar aisteoireacht – ar an scaíleáin agus ar an stáitse – le 15 bliain anuas. Ghlac sé páirt sna scannáin seo a leanas: Magdalene Sisters, Kisses, H3, The Closer You Get, The Honeymooners agus WC. Le deanaí ghlac sé ról Detective Felix sa chlár Pat Shortt’s Mattie ar RTÉ. Bhí sé le feiceáil chomh maith i Fair City agus On Home Ground.  Bhí sé mar chuid den chliar ar go leor léirithe do TG4 le blianta anuas, ina measc tá Rí Rá; Ar An Imeall; Marú; Paddywhackery agus Seomra a Sé.  Tá clú agus cáil air mar Chaomhán, i Ros Na Rún.

Ar an stáitse bhí páirteanna ag Seán i léirithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.  San áireamh tá: A Dublin Carol – Gate Theatre; Treehouses – Peacock; Mrs Warren’s Profession – Cork Opera House agus gearrdhrámaí Mark O’Halloran: Too Much of Nothing agus One Too Many Mornings – Bewley’s Theatre.  Tá réimse leathan taithí ag Seán mar aisteoir agus comhchruthaitheoir le comhlachtaí drámaíochta oideachasúla cosúil le Barnstorm agus a léirithe Stuck in the Mud agus Town Mouse, Country Mouse.  D’oibrigh sé freisin leis an Lambert Puppet Theatre ar an seó Aladdin.

Sa bhliain 2012 thosaigh Seán ag scríobh agus ag stiúradh le Taibhdhearc na Gaillimhe.  Bhí sé mar chomhscríbhneoir ar an ngeamaireacht Sinbad agus na Foghlaithe Mara i 2010 agus, leis an bhfoireann chéanna, chruthaigh agus stiúraigh sé an an dráma Scrúdú a bhí bunaithe ar an siollabas nua filíochta don Ardteist.  Is ball é Sean den bhfoireann Sketch Comedy – The Brown Bread Players atá le feiceáil sa Stag’s Head gach mí.

Tá sain-taithí ag Seán ar mhúineadh EFL do mhic léinn óga agus aosta le scoileanna éagsúla i mBaile Átha Cliath – Delfin Language School; Atlas College; The American College Dublin.

Sa bhliain 2011 bhunaigh Seán High Rock Productions lena dhéartháir Niall chun drámaí agus ceardlanna a chur ar siúl do dhaltaí scoile.  D’éirigh thar cionn leis an gcéad léiriú acu – Caith Amach É – a thug cuairt ar bhreis agus 75 scoil i 24 contae ar fud na tíre.

 

NIALL MCDONAGH

Is comhbhunaitheoir, aisteoir agus scríbhneoir le High Rock Productions é Niall.

Thosaigh sé ag aisteoireacht agus é fós sa bhunscoil le páirteanna i ndrámaí raidió ar RTÉ.  Ghlac sé a chéad pháirt ar an scáileáin mór i The Commitments.  Ina dhiaidh sin, bhí sé le feiceáil i mar Young Hennessy i The Risen People stiúraithe ag Jim agus Peter Sheridan, agus sna seóanna The Wizard of Oz agus The Snow Queen sa Gaiety. Tar éis dó céim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Stair ó UCD, d’fhreastail sé ar an Gaiety School of Acting.  Thosaigh sé ag obair leis an Taibhdhearc sa dráma Cén Dochar, agus arís sa dráma An Phortráid.  Bhí sé sa chliar i léirithe de dhrámaí na hArdteiste An Cearrbhac Mac Cába agus an Lasair Choille (Taibhdhearc) agus An Triail (Aisling Ghéar).

Tá saintaithí ag Niall ag obair mar aisteoir agus comhchruthaitheoir le comhlachtaí amharclanna oideachasúla cosúil le Barnstorm lena léirithe The Biggest Adventure in the World, Silly Bits of Sky agus Little Rudolph.  Ghlac sé róil sna geamaireachtaí Cinderella agus Aladdin sa Dubhlann i nGaillimh. D’oibrigh sé le Expelair Theatre Company ar Time Flies.  Bhí sé le feiceáil ar an teilifiís  in The Big Bow Wow (RTÉ) agus Rí Rá (TG4).  Ghlac sé páirt sna scannán The Halo Effect agus WC.  Tá a ghuth le cloisteáil go rialta i sraitheanna cartúin TG4 mar Batman, Johnny Test, Krypto the Superdog agus Fleabag.

Thosaigh sé ag láithreoireacht ar TG4 leis an sraith taistil Neelo. Bhí sé mar léiritheoir agus láithreoir ar na sraitheanna Peacaí Neelo agus An Domhan dar le Neelo.

Tá an-chuid taithí aige ag múineadh TEFL le Atlas Language School; Portmarnock Language School; Language Link Beijing agus Gorgeous English China.  Thosaigh sé ag múinteoireacht i Dulwich College Beijing sa bhliain 2008 agus bhain sé iarchéim múinteoireachta (PGCE) amach ón University of Sunderland sa bhliain 2010.

Ón uair gur fhill sé ón tSín, thosaigh sé ar sheóanna grinn aonair.  Tá sé mar bhall freisin de na Brown Bread Players agus an grúpa Seachtain agus Awe.

 

 

Sean McDonagh

Sean is a graduate in English and Psychology from UCD.

  • He has played numerous roles on TV and Stage over the last 15 years. Feature Films include includes the award-winning the Magdalene Sisters, Kisses, H3 , The Closer You Get, The Honeymooners and WC. His most recent television appearance on RTE was as Detective Felix in Pat Shortt’s Mattie for RTÉ. He has also appeared in Fair City and On Home Ground for and most recently played Andre Breton in the The Nightwatch, a twenty minute TV drama shot in one take for the installation Artist Gerard Byrne. He has worked on numerous programmes for TG4 including Ri Ra, Ar An Imeall, Marú, Paddywackery and Seomra a Sé a unique project to broadcast live TV Drama. He has played the character of Caomhán in Ros na Rún for the last for years.
  • On stage Sean has appeared in many productions including A Dublin Carol for the Gate Theatre, Treehouses for the Peacock Mrs Warren’s Profession for the Cork Opera House and Mark O Halloran’s short plays Too Much of Nothing and One Too Many Mornings for Bewley’s theatre.
  • In educational theatre Seán has worked with Barnstorm theatre on several occasions as an actor deviser and workshop facilitator.. Productions include the award winning play Stuck in the Mud and Town Mouse, Country Mouse. He is an accomplished Puppeteer working with The Lambert Puppet theatre on their Christmaxs Show Aladdin.
  • In 2010 Seán began writing and directing with An Taidhbhearc in Galway. He co-wrote and assistant-directed the Pantomime Sinbad agus na Foghlaigh Mara in December 2010 and in 2011 I with the same team he co- wrote, and directed the Play Scrúdú, which was based on the new Leaving Certificate Irish Poetry syllabus and toured Schools in Galway, Clare and Dublin. Seán is also part of the polular sketch comedy team The Brown Bread Players.
  • Sean has extensive experience teaching EFL in Dublin working with various Language schools teaching in both adult schools and summer junior programmes. He has worked with Delfin Language School, Atlas College , The American College Dublin.
  • In 2011, Along with Niall, Sean started Highrock Productions. Dedicated to bringing madcap sketch comedy shows shows around schools which present course material in an innovative and inspiring way. The First Show Caith amach é was a phenomenal success touring over 75 schools in over 24 counties in Ireland.

 

Niall McDonagh is best known as presenter of the show Neelo (Tg4). He has appeared in numerous stage and screen shows including An Cearbhach McCába agus An Lasair Choille, An Phortráid and Cén Dochar (All for Taibhdhearc na Gaillimhe) An Triail (Aisling Ghéar) an RíRá (Tg4). Film and TV work include The Big BowWow, The Halo Effect, WC. Niall is a qualified secondary school teacher (PGCE) and has also worked extensively as a TEFL teacher in Ireland and abroad.