Skip to main content

Tá imní ar an eachtránaí, Brian, aghaidh a thabhairt ar an domhan ónar cailleadh a mhadra eitilte Oscar. Tagann athrú ó bhonn ar a shaol nuair a bhuaileann sé le cara nua, ochtapas darb ainm Inky. Le chéile, ní mór dóibh dul i ngleic le troill chloiche, fallaí oighir, agus sicíní pléascacha. Tríd an gcairdeas seo le Inky, tagann Brian ar a mhisneach arís, is foghlaimíonn sé conas déileáil le cailliúint a chara dhíl. Seó samhlaíoch, mealltach agus idirghníomhach is ea Seachtopus do pháistí 6 go 9 mbliana d’aois, trí Ghaeilge shimplí, nó go dátheangach le Béarla. Tá sé in oiriúint do pháistí le leibhéal ar bith Gaeilge. Ar camchuairt chuig bunscoileann

Tuilleadh sonraí déan teagmháil le: Seán McDonagh 0871385165

Scottish Gaelic