Skip to main content

Tagann eachtrán chuig bunscoil. Cad a thug anseo é? Conas ar tháinig sé? Níos tábhachtaí fós, conas a rachaidh sé abhaile arís? Tá an t-ádh leis go bhfuil Gaeilge ina aistritheoir idir-réaltrach! Agus an seomra á scrúdú aige, agus cairde nua á dhéanamh aige le muintir an domhain, foghlaimíonn sé nach bhfuil an pláinéad seo chomh difriúil óna phláinéad féin. Ach chun dul abhaile, ní mór dó scéal na seachtaine is aite riamh a chur le chéile, agus aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ollmhór sin – na Sceitimíní! Ag tógáil ar an seó spleodrach Seachtopus, atá ar chamchuairt i mbunscoileanna ó 2022, seó nua samhlaíoch agus tarraingteach ó High Rock Productions is ea Sceitimíní a chíorann téama an imní agus conas deighleáil leis. Dearadh an seó seo le haghaidh lucht féachana 8-11 bliain d’aois le gach leibhéal Gaeilge.

Tuilleadh sonraí déan teagmháil: Seán McDonagh 0871385165

Scottish Gaelic