Skip to main content

Cuireann High Rock Productions i láthair ‘Seas Suas’ an cheardlann nua sa Ghaeilge labhartha, dírithe ar lucht na 2ra agus 3ú Bliana, chun cabhrú leo lena gcur i láthair Gaeilge don Sraith Shóisearach (MRB/CBA). Le sraith gníomhaíochtaí cainte agus cleachtaithe bríomhara, spreagtar na daltaí chun cur lena gcuid muiníne ó thaobh labhairt na Gaeilge ós comhair daoine eile. Ag tosnú le focal amháin, oibríonn siad chun a sprioc a bhaint amach, cur i láthair a dhéanamh i nGaeilge os comhair daltaí eile. Tá an cheardlann bríomhar, spreagúil, agus oiriúnach don lucht ard-leibhéil agus gnáth-leibhéil. Ón bhfoireann a chruthaigh ‘Caith Amach É’, an seó grinn/ ceardlann clúiteach do Ghaeilge na hArdteiste. Dearadh ‘Seas Suas’ chun cabhrú le daltaí seasamh amach os comhair a gcuid cairde agus labhairt amach ar bhealach nádúrtha, spraíúil. Maireann na ceardlanna 60 nóiméad in aghaidh an ranga, le freastal ar am-chlár na scoileanna.

Tuilleadh Eolais ag

highrock2011@gmail.com

Niall McDonagh: 0863737879

Scottish Gaelic