Skip to main content

Ceardlann scéalaíochta is ea Marbh ó High Rock Productions.

Scéal bleachtaireachta ina dtagtar ar chorpán. Whodunnit trí Ghaeilge mar a déarfá, agus ní mór do na rannpháirtithe an scéal a léíriú agus mistéir a réiteach. Roinnfear ina ngrúpaí iad le míreanna éagsúla an scéil a shníomh le chéile. Oibreoimid leo le muinín a thabhairt dóibh ina gcuid Gaeilge labhartha agus scileanna aisteoireachta.

Cuirfear frapaí agus eilimintí feistis ar fáil freisin, chun bea-tha a chur sa scéal. Bíonn giota den scéal ag gach grúpa, ach ní go dtí go dtagann na míreanna ar fad le chéile a nochtaimid an fhírinne!

Ceardlann do ghrúpa 20-36 rannpháirtí atá anseo. Tá sé in oiriúint do réimse leathan lucht féachana, idir dhéagóirí agus daoine fásta. Maireann an cheardlann 90-100 nóiméad.

Teagmháil

Seán McDonagh: 0871385165

Niall McDonagh: 0863737879

highrock2011@gmail.com

Scottish Gaelic